Jump to content

Olltoghchán na Fraince, 2024

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOlltoghchán na Fraince, 2024
Map
CineálFrench legislative election (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana7 Iúil 2024
30 Meitheamh 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisan Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanball de Thionól Náisiúnta na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Suíomh gréasáininterieur.gouv.fr… Cuir in eagar ar Wikidata

D'fhógair Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron Olltoghchán na Fraince 2024 ar an 9 Meitheamh 2024.[1] Fógra gan choinne, tháinig cinneadh Emmanuel Macron, uachtarán na Fraince, toghchán tobann a ghairm i ndiaidh na dtoghchán Eorpach aniar aduaidh ar an domhan uilig, agus chuaigh a phlean in abar.

Tháinig an Nouveau Front Populaire sa chéad áit, an "chomhghuaillíocht" ar chlé a bunaíodh de bharr riachtanais - i lá amháin[2] - nuair a d’fhógair Macron an toghchán. Tháinig an chomhghuaillíocht sa lár, a bhain le Macron, sa dara háit agus an Rassemblement National (RN, an Slógadh Náisiúnta) de chuid Marine Le Pen, sa tríú háit.[3]

Fágadh an tír le parlaimint gan tromlach soiléir, agus na mórpháirtithe polaitíochta thar a bheith scaoilte agus in adharca a chéile. Ar an 8 Iúil 2024, tosaíodh ar iarrachtaí chun rialtas a chur le chéile agus an éiginnteacht pholaitiúil a shárú.

An pobalóir Jean-Luc Mélenchon agus La Fance Insoumise, ar chlé ar fad, cuid den Nouveau Front Populaire
An RN, póstaer, Meitheamh 2024
Agóid, 15 Meitheamh 2024, "Halte aux fascistes"
An "Nouveau Front Populaire", póstaer, Meitheamh 2024
Póstaeir sa Marne (Ormes (51370))

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar feadh dhá scór bliain bhí an RN, agus an Front National roimhe, ar imeall na polaitíochta agus an tuairim ann gur fhág a gcuid polasaithe a mheastar bheith ciníoch agus frith-imirceach nach raibh aon seans acu cumhacht pholaitiúil a bhaint amach.[4]

Fógraíodh toghchán parlaiminte mar fhreagra ar "bhua" Rassemblement National (RN) i dToghchán Pharlaimint na hEorpa, 2024.[5] Bhí bua mór ag páirtí Le Pen, atá an-fhada amach ar an eite dheis, agus timpeall 32% den vóta náisiúnta acu (23% sa bhliain 2019), nach mór dhá oiread an méid a bhí ag Renaissance Macron (15% in 2023, 22% in 2019).[6][7] Iarracht a bhí i bhfógra toghcháin Macron cosc a chur le rabharta Rassemblement sa pholaitíocht náisiúnta.

577 suíochán atá san Assemblée nationale agus 289 suíochán atá ag teastáil chun móramh iomlán a bhaint amach. Idir 2022 agus Bealtaine 2024, ní raibh ag comhghuaillíocht Macron sa tionól ach 250 suíochán, rud a d’fhág go raibh orthu tacaíocht a fháil ó pháirtithe eile aon uair a theastaigh uathu dlí nua a thabhairt isteach.[8] D'éirigh sé seo an-deacair ar fad.[9] Ba léir do Macron go dtitfeadh an rialtas luath nó mall. Ach chun an lámh in uachtar a fháil ar an gcuid eile, agus chun dul céim chun tosaigh, tháinig fógra Macron aniar aduaidh ar chách ag an am.[10]

Feachtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an gcostas maireachtála agus ar cheist na hinimirce a bhí RN dírithe cuid mhaith le tamall. Rinne Marine Le Pen iarracht mhór maolú a dhéanamh ar an íomhá a bhí ag an bPáirtí gur dream radacach ciníoch ar an bhfíordheis iad (bhunaigh a hathair an Páirtí sna 1980idí - an Front National ag an am). Ach chinn Comhairle Stáit na Fraince i i mbliana go bhféadfaí a áitiú gur páirtí atá an-fhada amach ar an eite dheis atá i bpáirtí Le Pen.[8]

Dúirt Jordan Bardella, 28 bliain d'aois agus an "dauphin" de chuid Le Pen, go ngearrfadh sé siar go mór ar an leas sóisialta, mar phríomhaire, a bhíonn ar fáil d’inimircigh agus go bhfaigheadh sé réidh leis an gceart gan cheist ar shaoránacht Fhrancach atá ag páistí ar rugadh thar lear a dtuismitheoirí. Dúirt sé chomh maith go gcuirfeadh sé bac ar Fhrancaigh a bhfuil dénáisiúnacht acu postanna tábhachtacha áirithe a fháil.

Bhí maolú déanta ag an bpáirtí i leith polasaithe eile dá gcuid. Níor tugadh níos mó tús áite níos mó dá n-éileamh ar chosc ar sheáilín a chaitheamh (an "burqa"[11]) in áiteanna poiblí, ní raibh siad ag tacú leis an Rúis mar a bhíodh agus bhí deireadh curtha lena gcuid cainte faoin Aontas Eorpach a fhágáil. I bParlaimint na hEorpa bhí iarracht déanta acu iad féin a dhealú ó pháirtithe eile ar an eite fhíordheis amhail Alternative für Deutschland  na Gearmáine.[8]

Bhí agóidí i roinnt cathracha ar fud na tíre ag páirtithe na heite clé in aghaidh an RN, roimh an chéad bhabhta vótála.

An chéad bhabhta vótála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reáchtáladh an chéad bhabhta vótála ar an 30 Meitheamh 2024. Bhí dul chun cinn mór déanta ag eite dheis an-fhada amach agus 33% den vóta faighte ag Rassemblement National de chuid Marine Le Pen sa chéad bhabhta vótála sa toghchán parlaiminte. Seo an chéad uair gur éirigh le páirtí Le Pen níos mó ná 20% de vótaí a fháil i dtoghchán parlaiminte.

An chomhghuaillíocht ar an eite chlé, an Nouveau Front Populaire, a tháinig sa dara háit le 28%. Sa tríú háit a tháinig comhghuaillíocht Macron, Renaissance, le 21% den vóta.

Faoi chóras toghchánach na Fraince, ní mór d'iarrthóir 50% a fháil sa chéad bhabhta le suíochán a fháil. Toghadh ina bhfeisirí parlaiminte sa chéad bhabhta vótála 76 iarrthóir, ar éirigh leo níos mó ná leath de na vótaí a fháil ina dtoghcheantair. Cuireadh as an áireamh na hiarrthóirí go léir a fuair níos lú ná 12.5% den clár toghthóirí ... timpeall 8-9% den vóta i ndáiríre .[8]

Chaith líon níos mó daoine vóta sa chéad bhabhta ná aon toghchán parlaiminte ó 1997. 70%, de dhaoine a raibh cead vótála acu a chaith vóta, 20 pointe céatadáin níos airde ná 2022.

Jordan Bardella, 2022

An dara babhta vótála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann na hiarrthóirí is airde vóta sa chéad bhabhta vótála chun cinn don dara babhta. Tharla an vóta réitigh do gach ceann de na  501 suíochán eile (577 in iomlán; 76 tofa sa chéad bhabhta). D'impigh Macron ar pholaiteoirí chomhghuaillíocht leathan a chur le chéile le teacht idir an RN agus an rialtas. Is ar na toghcheantair a raibh triúr (nó fiú ceathrar) iarrthóirí iontu a bhí an "comhaontú" ag díriú, sa chaoi nach mbeidh ach duine amháin ag seasamh in aghaidh an RN i ngach cás, agus nach scoiltfear an vóta freasúra.

Bhí Macron, duine atá sa lár, agus ceannairí na bpáirtithe ar an eite chlé measartha, ag impí ar dhaoine vótáil go teaicticiúil chun móramh glan a chosc ar an bpáirtí ar an bhfíordheis. Ach go minic, bhí an duine ag seasamh in aghaidh an RN i bhfad amach ar an eite chlé. Bhí imní go háirithe ar na vótóirí sa lár go bhféadfadh daoine 'antoisceacha' ar an eite clé (La France Insoumise de chuid Jean-Luc Melenchon go háirithe) bheith san Assemblé Nationale dá bharr, agus go raibh siadsan "chomh dona" céanna leis an RN.

Thit na vótóirí sa lár go minic idir dhá stól. Mar shampla, dúirt an tAire Airgeadais ag an am, Bruno Le Maire (polaiteoir sa lár) nach n-iarrfadh sé go brách ar dhaoine vóta a chaitheamh don eite fhíorchlé. Bhí codarsnacht iomlán idir é seo agus polaiteoirí eile de chuid Macron: dúirt an príomhaire ag an am, Gabriel Attal, gur cheart do vótóirí aon iarrthóir seachas cuid an RN a roghnú. má choinníonn sé an RN amach ón rialtas,[4] agus seo an rud a tharla. I ndeireadh an lae, d’éirigh le hiarrthóirí sa lár agus ar an eite chlé as chun a chinntiú nach bhfaigheadh Rassemblement National an bua.[12]

Léiriú ar an teannas a chothaigh an dara babhta vótála go raibh 30,000 póilín curtha ar dualgas ar an 8 Iúil.

Torthaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh an Le Front Populaire an grúpa is mó sa tionól náisiúnta. Ach ní bhfuair siad dóthain vótaí chun smacht a fháil ar an Assemblée Nationale.[8] Grúpa atá ann atá scoilte go dona, idir na Sóisialaigh ar taobh amháin agus an eite ar chlé ar fad (La France Insoumise de chuid Jean-Luc Melenchon) ar an taobh eile.

Tháinig an lár sa dara áit.

Tháinig an Rassemblement National sa triú áit ; bhí Jordan Bardella (28 bliain d'aois ag an am) ag súil le bheith ina Phríomh-Aire[8] ach cuireadh ó dhóchas é. D’éirigh leis an iarracht an eite fhíordheis "a chloí" (a choinneáil amach as an rialtas), toradh nach raibh mórán ag súil leis.

D'fhág na torthaí sin go raibh an pharlaimint scoilte ina trí chuid – idir lucht na heite clé, lucht an láir agus an dream atá an-fhada amach ar an eite dheis. Thart ar 100 suíochán níos lú ná mar a theastaíonn chun rialtas a bhunú a bheidh ag an gcomhghuaillíocht Le Front Populaire ar an eite chlé agus ní raibh móramh iomlán –289 suíochán – ag aon dream eile san Assemblée Nationale.[12]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. RnaG (2024-06-10). "John Maguire, Iriseoir, an Fhrainc." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-06-10.
  2. ar an 10/11 Meitheamh 2024
  3. RnaG (8 Iúil 2024). "Tús Áite: Éiginnteacht pholaitiúil sa Fhrainc tar éis an toghchán" (as ga-IE). 
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2024-07-01). "Comhaontú vóta iarrtha sa bhFraince le dul in aghaidh NR Le Pen" (as ga-IE). 
  5. "Parlaimint na hEorpa ag dul níos faide ar dheis" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-10). Dáta rochtana: 2024-06-10.
  6. "Elections européennes 2024 : 31,37% des voix pour le RN, 14,6% pour Renaissance, 13,83% pour PS-Place Publique… Voici les résultats définitifs du scrutin" (fr-FR). Franceinfo (2024-06-10). Dáta rochtana: 2024-06-10.
  7. Rédaction Toute l'Europe (2024-04-17). "Elections européennes 2024 : quels étaient les résultats en France en 2019 ? - Touteleurope.eu" (fr-FR). Touteleurope.eu. Dáta rochtana: 2024-06-10.
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 8.5 "Plean Macron imithe in abar, dul chun cinn mór déanta ag an eite fhíordheis sa Fhrainc" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-01). Dáta rochtana: 2024-07-01.
  9. Bhain an rialtas Elisabeth Borne agus Gabriel Attal (de chuid Macron) úsáid as "Alt 49-3" go minic chun dlíthe nua a chur i bhfeidhm, saghas ordú forghníomhaithe agus neamhdhaonlathach
  10. RnaG agus John Maguire, Iriseoir sa Fhrainc (28 MEITHEAMH 2024 - ADHMHAIDIN). "Reáchtáilfear an chéad bhabhta d’olltoghchán na Fraince ar an Domhnach, áit a gceaptar go mbeidh bua ollmhór ag páirtí eite deise ‘Slógadh Náisiúnta’ Marine Le Pen." (as ga-IE). 
  11. "Burqa" (as en) (2024-06-21). Wikipedia. 
  12. 12.0 12.1 "Lucht na heite fíordheise coinnithe amach sa Fhrainc" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-08). Dáta rochtana: 2024-07-08.